Má tá aon imní ginearálta ort, labhair le ball foirne ar bith. Tá do Mhúinteoir Ranga ar fáil freisin chun cabhrú leat agus tú a threorú.

Tá gach iarracht déanta againn oscailt go sábháilte agus leanaimid orainn a bheith an-aireach. Má thugann tú aon rud faoi deara a chuireann imní ort faoin gcaoi a bhfuilimid ag bainistiú seo, nó faoin gcaoi a bhfuil daoine ag comhoibriú, cuir ball foirne ar an eolas láithreach le do thoil.

Is féidir leat labhairt le ball foirne ar bith, seol ríomhphost chugainn ag cife.info@kilkennycarlowetb.ie , nó glaoigh orainn ar 059 913 4230.