Deiseanna Idirnáisiúnta – ERASMUS+

Tá Institiúid Cheatharlach, a bhfuil stádas creidiúnaithe aici anois, rannpháirteach i gcláir Erasmus+, an Aontais Eorpaigh a thacaíonn le hoideachas agus oiliúint trí shoghluaisteacht agus trí naisc idirnáisiúnta.

Trí Erasmus+ cuirimid deis ar fáil do mhic léinn agus don fhoireann cur lena n-eispéiris i gcomhthéacs idirnáisiúnta trí thurais chónaithe maoinithe chuig eagraíochtaí comhpháirtíochta ar fud na hEorpa. Léiríonn taighde go gcuireann rannpháirtíocht in eispéiris oideachais thar lear le deiseanna dul chun cinn na mac léinn, chomh maith le raon leathan scileanna pearsanta a fhorbairt, lena n-áirítear muinín agus feasacht idirchultúrtha. Ag Institiúid Cheatharlach tá naisc forbartha againn le coláistí ar fud na hEorpa agus tá cuairteanna sceidealaithe againn a thugann deiseanna iontacha chun feasacht chultúrtha agus oideachais a fhorbairt agus chun tuiscint a fháil ar an ngné idirnáisiúnta de na réimsí saothair. Eispéiris foghlama iontacha iad cuairteanna idirnáisiúnta agus cuireann siad go mór le do CV freisin!

Ag leanúint lenár dtéamaí Ionracas Acadúil, Scileanna Trasdulta agus Foghlaim Bunaithe ar an Obair, bhain ár rannpháirtithe leas as Micrichreidimh, Scáthfhoghlaim Post, oiliúint agus cúrsaí ar fud na hEorpa.

Chuir comhoibriú san Fhionlainn, sa Danmhairg, san Ísiltír i bPoblacht na Seice agus sa Phortaingéil go mór le heispéiris foghlama Institiúid Cheatharlach.

Tá Institiúid Cheatharlach ag tnúth le leanúint lena rannpháirtíocht in Erasmus+ agus le heispéiris shaibhrithe a thairiscint don fhoireann agus do mhic léinn araon.

Roinn an leathanach seo