Deontais & Tacaíocht Airgeadais

Scéim Deontais Cothabhála SUSI PLC

Tá na deontais chothabhála seo de réir tástála acmhainne ar fáil do mhic léinn incháilithe a fhreastalaíonn ar chúrsaí breisoideachais lánaimseartha ceadaithe in ionaid fhormheasta Iar-Ardteistiméireachta (PLC). Déantar iarratais ar líne chuig Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) trí www.studentfinance.ie

Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO)

Ligeann an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas dóibh siúd atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe íocaíochtaí a choinneáil fad is atá siad rannpháirteach i gcúrsaí breisoideachais agus oiliúna lánaimseartha ceadaithe. Féach www.welfare.iewww.studentfinance.ie le haghaidh tuilleadh sonraí.

TÁBHACHTACH

Tá an t-eolas ceart ag am foilsithe, ach seiceáil le do thoil leis an Institiúid chun an t-eolas reatha a fháil.

Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas

Leithdháileann an Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas maoiniú ar choláistí Breisoideachais agus Ardoideachais chun seirbhísí agus tacaíochtaí a sholáthar do mhic léinn faoi mhíchumas. Déanann Institiúid Cheatharlach iarratais ar an gciste thar ceann mic léinn incháilithe tar éis measúnú a dhéanamh.

Féach Foghlaim Oscailte agus Daltaí a bhfuil Riachtanais Bhreise acu le haghaidh tuilleadh eolais.

Roinn an leathanach seo